Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Pleananna Forbartha, Oidhreacht Thógtha & Deontais > Plean Limistéir Áitiúil na Seacht mBaile Straitéis

 

Plean Limistéir Áitiúil na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024

 

Téacs Scríofa Phlean Limistéir Áitiúil na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024: Cuspóirí agus Beartais

 

Plean Limistéir Áitiúil na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024  (Cliceáil ar gach baile chun amharc ar an léarscáil), mar atá An Chlochán Liath;; Bealach Féich-Srath an Urláir; Béal Átha Seanaidh; Ceann an Droichid; Carn Domhnach; Baile Dhún na nGall agus Na Cealla Beaga , ghlac Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Dhún na nGall é an 23 Iúil 2018 agus tá sé in éifeacht ón 20 Lúnasa 2018 ar feadh tréimhse 6 bliana go dtí an bhliain 2024.

 

Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Tionchair Natura

Bhreithnigh na Comhaltaí roinnt doiciméid bhreise agus iad ag déanamh a Measúnachta Straitéisí Timpeallachta agus a Measúnachta Cuí ar an Phlean Limistéir Áitiúil agus is féidir amharc orthu ag na naisc thíos.

 

Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta  

Tuarascáil Comhshaoil

Aguisin leis an Tuarascáil Timpeallachta (Bealtaine 2018)

Ráiteas Comhshaoil

 

Measúnacht Chuí


Tuarascáil Tionchair Natura leis an Mheasúnacht Chuí (Samhain 2017)

Aguisin le Tuarascáil Tionchair Natura (Bealtaine 2018)

Cinneadh igcomhréir le hAirteagal 6(3) de Threoir AE Maidir le Gnáthóga

 

Socruithe Eile Amhairc

Tá cóipeanna de na doiciméid thuas ar fáil lena léamh le linn gnáthuaireanta oifige ag na suíomhanna seo a leanas:

 

An Oifig Pleanála, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear.

Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn, Bóthar Neil T. Blaney, Leitir Ceanainn.

Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile na nGallóglach, an tSráid Mhór, Baile na nGallóglach.

Ionad Seirbhísí Poiblí an Chlocháin Léith, Bóthar Ghaoth Dobhair, an Clochán Liath.

Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnach, Bóthar Mhálanna, Carn Domhnach.

Ionad Fiontraíochta an BASE, Bóthar an Iarnróid, Srath an Urláir.

Ionad Seirbhísí Poiblí Dhún na nGall, Droim Lonachair, Baile Dhún na nGall agus

Saoráidí Leabharlainne na Comhairle.

 

Ceannach

Chun cóip de Phlean Limistéir Áitiúil na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024 a cheannach, tá táille €35 le híoc i gcás bailiú agus tá táille €40 le híoc i gcás seoladh tríd an phost.  Déan teagmháil leis an Láraonad Pleanála ach glao a chur ar 07491 53900.

 

Cúlra

Is é cuspóir Phlean Limistéir Áitiúil na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024 ná straitéis fhoriomlán a leagan amach ar mhaithe le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe na seacht mbaile agus creat beartais pleanála maidir le húsáid talún a chruthú chun an dóigh a bhforbrófar gach ceann de na seacht mbaile as seo amach a threorú. Beidh an Plean ina thoisc ábhartha a chuirfear san áireamh nuair atá cinntí á ndéanamh ar iarratais phleanála.

Ba cheart Plean Limistéir Áitiúil na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024 a léamh i gcomhar le Plean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024.

Ullmhaíodh Plean Limistéir Áitiúil na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024 de réir fhorálacha an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta), 2004, agus na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) (Leasú), 2011.

 

Is féidir amharc ar an fhógra poiblí foirmiúil faoi dhéanamh an Phlean ag an nasc seo a leanas:

Fogra Poiblí

 

Nasc chuig:  An Dréachtphlean agus Athruithe Ábhartha

 

Nasc chuig: 

Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar Dhréachtphlean Limistéir Áitiúil na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024

Tuarascáil an Phríomhfheidhmennaigh ar na hAthruithe Ábhartha ar Dhréachtphlean Limistéir Áitiúil na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024